Sunday, June 19, 2005

N'fheadar an bhfuil RnaG ag ullmhú do Phodchraoladh?

Tá foinse comhad fuaime Raidió na Gaeltachta iata acu fé láthair, agus fógra in áirde acu ag cur in iúl go bhfuiltear ag obair ar chóras nua.

Tharraing Socadán an cheist anuas ar Chlár Plé Beo, ag fiafraí an raibh fhios ag éinne cad a bhí beartaithe ag muintir RnaG. Chuir sé mise ag machnamh:
Nár bhreá dá gcuirfidís córas mar seo a leanas i bhfeidhm?
  • MP3 seachas RealAudio. Saorfaí an t-éisteoir óna bheith ceangailte leis an ríomhaire agus d'fhéadfaidís na cláracha a bhreith leo ar ghléas seinnte so-ghluaiste ar nós iPod.
  • Soláthar RSS a chur i bhfeidhm do gach clár raidió. Comhad beag XML a d'fhógródh ar an idirlíon go bhfuil eagrán nua den gclár ullamh, agus a thabharfadh treoir do bhog-earra an éisteora maidir le suíomh an chomhaid nua MP3. Is féidir le bog-earra an éisteora (podcatcher) an comhad a tharrach anuas go h-uathoibríoch - mar shampla le linn na h-oíche dá dteastódh. Saorfaí an t-éisteóir óna bheith ag faire amach don gclár, óna bheith ag cuardach suíomh an chomhaid, óna bheith ag fanacht go n-íoslódálann sé agus ón mbaol go gcaillfidís eagrán áirithe mura bhfaighidís é sara mbeadh eagrán an lá dár gcionn curtha in áit.
Tugtar "Podcasting" air seo. Saortar an t-éisteóir ó srianta an sceidil, agus ó chúram na ríomhaireachta. Tá cláracha iontacha ar Raidió na Gaeltachta gur bhreá liomsa a chlos go rialta ach nílim i gcóngar an raidió nuair a chraoltar iad, ná níl an t-am agam suí ós comhair an ríomhaire ag éisteacht le RealAudio. Tá deis iontach anseo ag RnaG freastal ar phobal na Gaeilge agus cur lena lucht éisteachta dá dtapóidís é.
Tuilleadh Eolais:Rogha Podchraoltaí an Imill!Rogha Podghabhálaithe (Podcatchers):
  • iPodder go maith ach ní oibríonn sé go maith taobh thiar de "firewall", agus ní dheineann sé faic ach na h-iatáin MP3 a bhailiú duit - ní léiríonn sé aon leathanach gréasáin a bhaineann leis, mar shampla.
  • Táim ag baint triail as Feeddemon faoi láthair. Feidhmíonn sé mar chomhbhailitheóir do ghnáth-bhlaganna chomh maith le bheith ina phodghabhálaí. Ní foláir díol as má theastaíonn uaim é a choimeád thar 20 lá. Táim ag ceapadh go mb'fhéidir gur fiú an $30 é.
Lipéid: , , ,

2 Freagraí:

Arsa Blogger Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne ...

Tá iPac 3765 agam trí bhliain anuas nó mar sin. PC póca atá ann ó Compaq. Is féidir Real Audio a chur ann agus na comhad ó RnaG a chloisint agus tú ag gluaiseacht. Tá sé áisiúil go leor, gléas easca srl ach bheadh Pod chraoladh i bhfad níos easca fós, (ach an Ipod…níl ceann agam fós.) Sílim go bhfuil an iPac ró chostasach faoi láthair i gcomparáid leis an iPod (agus ró mhór) ach déanann sé an beart domsa. B’fhéidir go bhfuil praghas níos saoire ar EBay.

24 June, 2005 12:24  
Arsa Blogger Conn ...

Tá seinnteoir beag MP3 agamsa den déanamh "Magic Star". Is ionann é agus cipín cuimhne ("memory stick?") beag USB, le seinnteoir MP3 istigh leis. Níl ann ach 256MB, agus níl scáileán air, fiú - ach deineann sé an bheart, agus tá sé ag feidhmiú go maith le 2 bhliain agam anois. Táim ag bailiú eolais agus ag baint triail as úirlisí éagsúla fé láthair, féachaint an féidir liom na comhaid RA a aistriú go dtí MP3 - ach idir an dá linn - agus sinn ag feitheamh le h-athoscailt suíomh RnaG - tá saol eile dá nochtadh dom chluasa le podchraoltaí ó na ceithre h-arda, ar nós na cinn thuasluaite!

24 June, 2005 16:33  

Post a Comment

<< Home