An tEagarthóir,
Foinse,
nuacht@foinse.ie
A chara,
In alt dar teideal "
Podchraoladh - RTÉ ag tarraingt na gcos ...", in eagrán an 2ú DF de Foinse pléadh ciocu an iad RTE Raidio na Gaeltachta nó NEAR FM a dhéanfadh "an chéad phodchraoladh i nGaeilge". Caithfidh mé a rá ná beidh seans ag ceachtar acu an chraobh áirithe sin a thabhairt leo. Craoladh an chéad phodchraoladh i nGaeilge ar an 2ú Iúil 2005 ar an suíomh idirlín "An tImeall". Tá sé ar fáil, mar aon le breis agus scór eile ag
http://imeall.blogspot.com. Ag an bpoinnte seo tá cúig chlár dá bhfoilsiú in aghaidh na seachtaine - go deimhin tá podchraoladh déanta ar an litir seo - is é seo uimhir a 24 sa tsraith!
Réabhlóid éisteachta atá sa phodchraoladh, inar féidir liom mo rogha cláracha fuaime ós na ceithre harda a roghnú ar chlár ríomhaire, agus ansin ligint don mbogearra na cláracha sin a tharraingt anuas ó na suíomhanna éagsúla de réir mar a fhoilsítear iad, agus iad a chur i dtaisce ar mo ríomhaire dom. Má tá síntús déánta agam le podchraoladh ar leith, tá fhios agam ná caillfidh mé aon eagrán - beidh siad ar fad ar fáil dom ar mo ríomhaire, chun éisteacht leo ag an uair is mian liomsa é. Go deimhin, nílim ceangailte don ríomhaire ach an oiread - is féidir liom iad a aistriú go dtí gléas soghluaiste agus iad a thabhairt liom.
Réabhlóid chraolta atá sa phodchraoladh chomh maith. Is féidir le h-éinne a bhfuil ríomhaire acu agus ceangal don idirlíon é a dhéanamh. Acmhainn teoranta is ea an speictream leictreamhaighnéadach. Sin í an chúis go ndeintear bainistíocht air agus go mbíonn ort ceadúnas a fháil chun é a úsáid. Roinntear na h-acmhainní craolta ar bhonn minicíochta agus ama. Bíonn rogha teoranta cláracha raidio ar féidir leat éisteacht leo ag aon am amháin. Níl na srianta sin i gceist leis an bpodchraoladh. Níl aon teorainn leis an méid cláracha éagsúla atá ar fáil don éisteoir - ná ní baol go mbeidh aon choimhlint sa sceideal ach an oiread. Ní gá dó rogha a dhéanamh idir Adhmhaidin agus Morning Ireland: má tá an dá chlár podchraolta is féidir leis éisteacht leo pé uair is mian leis. Agus na sean-srianta traidisiúnta dáilithe curtha ar ceal, tá rogha as cuimse anois ag an éisteóir. Tá na mílte podchraoltóirí ar fud na cruinne ag freastal ar gach aon tsaghas "niche" le cláracha ná cloisfí riamh ar na tonnta raidio toisc ná beadh lucht éisteachta mór a dhóthain acu. Tromlach mór an tslua seo, ní craoltóirí gairmiúla iad in aon chor ach gnáthdhaoine a bhfuil fonn cainte orthu! Ceart go leor níl na "luachanna léirithe" ar aon dul leis an raidio traidisiúnta, ach tiocfaidh sin. 'Sé tá acu in áit na foirfeachta teicniúla sin ná paisean agus díograis - 'sea agus pobal éisteachta. Anois, mura bhfuil tú sásta leis an rogha éisteachta atá ar fáil, is féidir leat do phodchraoladh féin a thosnú - rud a dheineas.
Is é sin croí-lár na réabhlóide seo. Níl sa phodchraoladh ach gné amháin don gclaochlú atá ar siúl ar an idirlíon faoi láthair agus ar a dtugtar "Web 2.0". Sa tsean-shamhail, tá an t-idirlíon ina chóras aon-treorach, ina bhfuil an slua tomhaltóirí ag sú na n-ábhar ó ghrúpa beag táirgitheoirí ar nós na meáin chumarsáide, lucht díolta táirgí agus seirbhísí, eagraíochtaí rialtais agus eile. Córas dé-threorach atá ag fás anois áfach, ina bhfuil na tomhaltóirí tiontaithe in a dtáirgitheoirí: iad ag glacadh páirt
i gcláracha plé, ag
blagadóireacht, ag roinnt
a gcuid pictiúirí, ag scríobh an
wikipedia, ag
aistriú bogearraí go Gaeilge - 'sea agus
ag podchraoladh! Is é an pobal atá ag tabhairt ceannasaíochta anseo, ag taispeáint na slí dos na heagraíochtaí móra. Is mar sin
a deineadh forbairt ar an bpodchraoladh, agus anois tá leithéidí
Apple agus
Yahoo ag tógáil ar na bunchlocha a leag
Dave Winer agus
Adam Curry. Bíodh is nach iad na heagraíochtaí móra a chuir tús leis an réabhlóid seo - teastaíonn a n-acmhainní anois chun í a fhorbairt. Mar an gcéanna leis an bpodchraoladh agus na meáin "traidisiúnta". Creidim go mbeidh á n-áit i gcónaí ag na blagadóirí agus podchraoltóirí neamhspleácha, ach is iad na meáin ghairmiúla a dhéanfaidh gort an ghréasáin nua seo a threabhadh - agus is sa ghort sin atá slánú na meán céanna im thuairimse.
Tá tús curtha le podchraoladh na Gaeilge – ach ‘siad leithéidí RnaG a dhéanfaidh é a fhorbairt. Ach cuimnigh nach bhfuil an podchraoladh teoranta do eagraíochtaí raidió amháin. Ní gá tarchuradóir ná ceadúnas, ná trealamh costasach chun é a chur i gcrích. Níl aon chúis más ea nach bhféadfaí podchraoladh a dhéanamh ar Foinse!
Is mise le meas,
Conn Ó Muíneacháin
Inis, Co. an Chláir.
imeall.blogspot.comLipéid:
irishblogs,
gaeilge,
podchraoladh,
meáinchumarsáide